Sunday, May 15, 2016

GRIANGHRAF AN LAE: Cailleach dhearg


Cailleach dhearg
Papaver rhoeas



Cailleach dhearg
Planda bliantúil a fhásann 60 cm díreach ar airde, a tháirgeann laitéis bhán. Dúchasach don Eoraip is an Áise, agus tugtha isteach i dtíortha eile. Na duilleoga roinnte colgach; na bláthanna cruinn le 4 pheiteal geal scarlóideach, uaireanta le bunphaiste dorcha; an capsúl i gcruth piobaráin le fáinne poll timpeall an imill. B'fhiaile fhorleathan í tráth, na síolta suanach sa talamh ar feadh cuid mhaith blianta, ag teacht chun cinn go tapa nuair a d'iompaítí an ithir i dtalamh insaothraithe nó suaite. Tá sí ag dul i léig anois le teicníochtaí feabhsaithe talmhaíochta. Is siombail bhrónach í den chéad chogadh domhanda, mar bhláthaigh cailleacha dearga sna páirceanna áir a bhí suaite ag buamáil, cath is bás.

FOINSE
Vicipéid

Playlist
Gol na mBan san Ár
(Lament of the Women Amongst the Slaughter)
Dual

No comments: