Monday, August 8, 2016

PAROLES: An Drúcht Geal Ceo




An Drúcht Geal Ceo

‘Gabháil síos a’ gleann dom i measc na gcrann
Go dtí an chathair aoibhinn shuairc
Bhí na slóite teann fána mílte lann
A’ teacht aníos gan ghruaim
Ní raibh crónán caoin as béalaibh píob
Ná drumaí a’ tógáil gleo
Ach an clog go binn a’ cur fáilte bhinn
Roimh an aingeal sa drúcht geal ceo.

Chroch siad in airde a mbrat go hard
Os cionn Chaisleán Bhaile Átha Cliath
Níor ní leo bás ‘fháil ag Sud-El-Bar
Agus Éire ina ndiaidh i bpian.
Is ó lár na Mí sea ghluais an scaoth
De laochra líofa beo
Agus slóite Gall a’ bailiú ’nall
A gcuid gunnaí sa drúcht geal ceo.

Ar shiúl mar chadhain, mo chreach is mo léan
Tá na céadta curadh cruaidh
Tá a gcnámha sínte ag Suvla an tsín
Nó fá chósta na mara thuaidh
Dá bhfaigheadh siad bás sa bhaile ar láimh
Leis an Phiarsach tá inniu sa ghlóir
Bheadh a n-uaigh faoin tsliabh i measc na bhFiann
Mar a dtiteann an drúcht geal ceo.

Siad plúr na laoch a thit faraor
I mbriseadh cruaidh na Cásc’
Agus d’fhág siad sinn go cráite tinn
Ag éagaoin fána mbás
Is bhí súile an tsaoil a’ breathnú an ghnímh
A rinne clanna Gael sa ghleo
Na leoin a d’éag le solas gléigeal
Na saoirse sa drúcht geal ceo.

Phill mé aníos fán ghleann arís
Is mo chroí bocht lán de bhrón
Is mé scartha choích’ le plúr na laoch
Nach bhfeicfinn arís níos mó.
Is i lár na hóich’ sea bhímse ag guí
Le bhur gcónaí bheith sa ghlóir
Nó ruaig sibh na tráill, a fheara Fáil
Nuair a thit sibh sa drúcht geal ceo.

Playlist
An Drúcht Geal Ceo
Gráinne Holland
Is bhí súile an tsaoil a’ breathnú an ghnímh
A rinne clanna Gael sa ghleo
Na leoin a d’éag le solas gléigeal
Na saoirse sa drúcht geal ceo.


No comments: