Monday, August 1, 2016

ABHAILE


GRIANGHRAF AN LAE

Faoi dheireadh, táim ar ais sa bhaile i Montsoreau.


A Rí na bhFeart, cad a chas ins an dúiche seo mé?
Nach deas é an t-urlár cloch nua!
Caithfidh muid fanacht seachtain eile roimh é a sealú. Ina dhiaidh sin, beidh muid i ndán truscáin a chur air.
Weber ag seasamh réidh don chéad úsáid.

CASADH AN tSÚGÁIN
A Rí na bhFeart, cad a chas ins an dúiche seo mé?
Is gur mó cailín deas a gheobhainn i mo dhúthaigín beag féin.
Gur casadh mé isteach mar a raibh searc agus rún geal mo chléibh
Is chuir an tseanbhean amach mé ag casadh an tsúgáinín féir.

CURFÁ
Má bhíonn tú liom bí liom, a stóirín mo chroí,
Má bhíonn tú liom bí liom os comhair an tsaoil;
Má bhíonn tú liom bí liom gach orlach de do chroí,
Is é mo lom go fann nach liom Dé Domhnaigh thú mar mhnaoi.

Bhainfinn, chuirfinn, chraithfinn síol, coirce a's féar,
Agus chuirfinn na ba 'san inghilt a b'fhearr a thiocfaidh an féar,
Chuirfinn crúidhthe ar an each a b'fhearr a shiubhail ariamh ar féar
D'éalochadh bean le fear nach ndéanfadh sin féin.

Oh monuair gan mise a's tusa a rún-searc mo chléibh
I dtomghlas choilleadh na ngleanntán uaigneach linn féin
Gan aon duine ar bith níos deise dúinn na dhá mhíle déag
Ach mise 'gus tusa a bheith ag briseadh bharr bhog an fhéir.

A Mháire, a chuisle, a bhean is áille ar bith méin
A's go dtug tú buaidh ó mhná do chinidh uilig go léir
D'fhágfaidh tú mise ag sileadh na súl gach lá do dhéidh
A's gurb í an uaigh mo leabaidh nuair a fhágfas tú mé.

Tá mo cheannsa liath le bliain is ní le críonnacht é.
Ní bheathnaíonn na briathra na bráithre pé sa domhain scéal é.
Is táim i do dhiaidh le bliain is gan fáil agam ort féin
Is gur geall le fia mé ar sliabh go mbeadh gáir chon ina dhéidh.

Playlist
Casadh an tSúgáin
Bothy Band
All original material, including text and images ©2016 Máirtín Taidhg Jack All Rights Reserved

No comments: