Friday, July 29, 2016

MO SCÉAL FÉIN


MO SCÉAL FÉIN
Sliochtanna as saol daoine éagsúla, in a bhfocal féin
©Oideas Gael, Gleann Cholm Cille, Co. Dhúin na nGall, Éire


Cén fáth go bhfuil mé ag foghlaim Gaeilge?

Sin cheist i gcónaí. Agus mar a deirim i gcónaí: Thosaigh sé leis an gceol.
Tháinig suim i gceol na hÉireann orm thart ar deich mbliana ó shin. Bhí mé i mo bhall de ghrúpa ceoil (nach raibh eolas ceol na hÉirinn ag duine ar bith, seachas cúpla leabhar tiúine). Bhí cúpla teideal tiúine as Gaeilge, agus comh maith leis sin d’fhoghlaim muid “’Sí Do Mhamó Í”.

Ansin thosaigh mé ag smaoineadh: Bheadh sé go deas na focaila a thuiscint. Níor fhoghlaim mé teanga ar bith eile; mar sin de, né raibh mé cinnte go déireach cé chomh deacair a mbeadh an fiontar seo. “Níl orm ach an struchtúr gramadaí go ginearalta a fhoghlaim”, shíl mé liom féin, “agus b’fheidir cúpla focal. tuiscint na bhfuaimeanna, rudaí mar sin. Níl orm an teanga go hiomlán a fhoghlaim.”

Bhuel, fuair mé cúpla líonláithreán agus thosaigh mé ag foghlaim . . . agus níl mé dearfach cinnte cad a tharla ina dhiaidh.

Seo mise anois, i nGleann CholmCille ag foghlaim Gaeilge agus ag labhairt Gaeilge, mar thug an teanga greim ar m’anam, agus ní scaoilfidh sí é a riamh.

Playlist

All original material, including text and images ©2016 Máirtín Taidhg Jack All Rights Reserved

No comments: