Monday, July 4, 2016

GRIANGHRAF AN LAE


GRIANGHRAF AN LAE

Ag éalú fríd an chanaigh, is ciúnas ann sa spéir
Thíos i Lár a’ Ghleanna

Thíos i lár an ghleanna, tráthnóna beag aréir
Agus a' drúcht 'na dheora geala 'na luí ar bharr an fhéir,
'Sea casadh domhsa an ainnir ab áille gnúis ‘s pearsa,
'Sí a sheol mo stuaim chun seachráin, tráthnóna beag aréir.

Agus a Rí, nár lách ár n-ealaín, gabháil síos an gleann aréir,
Ag éalú fríd an chanach is ciúnas ann sa spéir,
Órú, a rún mo chléibh, nár mhilis ár súgradh croí is nár ghairid,
Ó’s a Rí na glóire gile, tabhair ar ais an oíche aréir.

Do chiabhfholt fáinneach frasach, do mhalaí bhán 's do dhéad,
Do chaolchoim álainn mhaiseach is glórthaí caoin' do bhéil,
Do bhráid mar chlúmh na heala, do shúil mar réalt na maidine
'Gus faraor gur dhual dúinn scaradh, tráthnóna beag aréir.

Dá bhfaighinnse arís cead philleadh 'gus labhairt le stór mo chléibh,
Nó dá bhfaighinnse buaidh ar an chinniúint, char mhiste liom fán tsaol,
Shiúlfainn leat fríd chanach, fríd mhéilte ar chiumhais na mara,
Agus dúiche Dé dá gcaillfinn, go bpógfainnse do bhéal.
Playlist
Thíos i Lár a' Ghleanna
Maria McCool



No comments: