Saturday, July 2, 2016

FILÍOCHT: Úirchill a' Chreagáin


Tháinig mé ar reilig an Chreagain i gContae Ard Mhaca is mé ag triall ar Oileán Thóraí.
Is dócha go raibh an bóthar ceart caillte agam, mar is gnáth domh.
Ar aon nós, bhí mé ar ais ar an bhóthar soir ag iarraidh dul fríd Crossmaglen nuair a chonaic mé an comhartha do sean reilig an Chreagain.
Stad mé ann chun macnamh a dhéanamh ar Art MacCumhaigh agus a dhán.
Leis an sos beag sin, fuair mé mo shlí arís.

No comments: