Tuesday, July 26, 2016

MO SCÉAL FÉIN


MO SCÉAL FÉIN
Sliochtanna as saol daoine éagsúla in a bhfocal féin

Agus muidne nuaphósta, fuair muid teach ar cíos ar imeall na cathrach Bhéal Feirste. Oíche fhionuar amháin d’fhág muid an fhuinneog ar oscailt agus chuala muid fuaim aisteach amuigh. Ar an toirt léim mo mhadadh isteach san fhuinneog agus rith sí léi. Ansin thosaigh an tafann agus an screadaíl. Rinne mé fead glaice agus tháinig madadh ar ais agus SLR ina béal. Baineadh siar asam mar cad é ba chóir a dhéanamh? Chuir mé scairt ar an Arm agus tháinig colonel le caint liom. Ar seisean ba cúis náire í mar chuir do mhadadh greim i dtóin an tsaighdiúra. Thóg sé an gunna agus rinne muid socrú leo leis an mhadadh a thabhairt amach ag an am chéanna gach oíche agus nach mbeadh an t-Arm i láthair ag an am sin.

All original material, including text and images ©2016 Máirtín Taidhg Jack All Rights Reserved

No comments: