Friday, July 29, 2016

MO SCÉAL FÉIN


MO SCÉAL FÉIN
Sliochtanna as saol daoine éagsúla in a bhfocal féin
Photography G.F. Canaday, ©Designed and published in Ireland by John Hinde Ltd.


An gaol i bhfad amach:
Cionn is go raibh an-spéis agam sa chraobh ginealaigh, chuir mé aithne níos fearr ná mórán eile ar mhuintir an tseantí. D’iarr a iníon orm a bheith ann maidin na sochraide. Bhí mé lena chónra a iompar cuid den bhealach anuas ar an teach sula leagfaí san eileatram é. Is ina dhiaidh sin a chuala mé gurbh é féin a d’iarr go mbeadh sé amhlaidh. Eiseann, 89 blian d’aois, an séú glúin a rugadh/tháinig ar an saol sa seanteach. Ba sin an t-iompar cónra a nasc craobha uile sleachta ár sinsear nó ba é mo shin-seanathair an duine deiridh ar mo líne féin a tháinig ar an saol sa teach sin sa bhliain 1828.
Playlist
Our House
Madness

All original material, including text and images ©2016 Máirtín Taidhg Jack All Rights Reserved

No comments: