Tuesday, July 26, 2016

GRIANGHRAF AN LAE


GRIANGHRAF AN LAE

An bealach seo romhaim

Síos an Sliabh

'Gabháil síos an gleann domh maidin bhreá
Bhí 'n spéir gan ghruaim 's an ghrian ag taitneamh,
In uaigneas sléibhe is mé liom féin
Gur éalaigh mé síos fá bhruach an easa.

Curfá:
Síos an sliabh is fríd an raithneach,
Síos an sliabh fá bhruach an easa,
In uaigneas sléibhe is mé liom féin
Gur éalaigh mé síos fá bhruach an easa,
Síos an sliabh.

'Gabháil fríd an mhóin me 'drándán ceoil
Is mé chomh meadhrach leis na meannáin,
'S ea chonaic mé uaim an spéirbhean chiúin
'S í ag scuabadh an drúcht de fhraoch an ghleanna.

Síos an sliabh is fríd an raithneach,
Síos an sliabh fá bhruach an easa,
In uaigneas sléibhe is mé liom féin
Gur éalaigh mé síos fá bhruach an easa,
Síos an sliabh.

Ba mhór ár ngrá's ba deas an lá
Agus sinn linn fáin i lár an fheannáin,
Gur luigh na néalta donna anuas
Ar bhlátha an fhraoich 's ar thaobh an ghleanna.

Síos an sliabh is fríd an raithneach,
Síos an sliabh fá bhruach an easa,
In uaigneas sléibhe is mé liom féin
Gur éalaigh mé síos fá bhruach an easa,
Síos an sliabh.

D'éirigh sí agus shiúil sí léi
'S níor inis sí domhsa a háit ná a hainm,
Ach dá mbínn i mo rí dhéanfainn banríon dí
Agus bhainfimis faoinn ar thaobh an ghleanna.

Síos an sliabh is fríd an raithneach,
Síos an sliabh fá bhruach an easa,
In uaigneas sléibhe is mé liom féin
Gur éalaigh mé síos fá bhruach an easa,
Síos an sliabh.

Playlist
Síos an Sliabh
Albert Fry




No comments: