Wednesday, July 27, 2016

TOBAR CHOLMCILLE


Luí na Gréine

"Samhradh buí ó luí na gréine
Thugamar féin an samhradh linn
Ó bhaile go baile’s ‘na bhaile ‘na dhiadh sin
Thugamar féin an samhradh linn."

Amhrán na Bealtaine

Bábóg na mBealtaine maighdean a’ tsamhraidh
Suas gach cnoc is síos gach gleann
Cailíní maiseacha bángheala gléigeal
Thugamar féin an samhradh linn.

Samhradh buí ó luí na gréine
Thugamar féin an samhradh linn
Ó bhaile go baile’s ‘na bhaile ‘na dhiadh sin
Thugamar féin an samhradh linn.

Tá nead ag an ghiorria ar imeall na haille
Is nead ag an chorr éisc i ngéagaibh an chrainn
Tá’n chuach’s na héanlaith a’ seinm le pléisiúr
Thugamar féin an samhradh linn.

Tá an fhuiseog a’ seinm’s a’ luascadh sna spéartha
Beacha is cuileoga is bláth ar na crainn
Tá mil ar na cuiseoga’s coilm a’ beiceadh
Thugamar féin an Samhradh linn.


Playlist
Amhrán na Bealtaine
Eithne Ní Uallacháin
All original material, including text and images ©2016 Máirtín Taidhg Jack All Rights Reserved

No comments: