Wednesday, April 13, 2016

CEOL SA TEAMPALL


Chaith William Penn tréimhse ama i Saumur ag staidéar.
Bhí an t-ádh dearg orm fógra a thabhairt faoi deara faoi cheolchoirm ins an teampall Protastúnach i Saumur.
D'fhreastal mé ar an imeacht chun seans an taobh istigh de a fheiceál.
I ndiaidh an Forógra Nantes a fógradh ag Henri IV i 1598 bhí deireadh le Cogadh an Reiligiúin sa Fhrainc.
Bhí thart ar céad bliain síochána ann agus an Forógra a bheith cealaithe le Louis XIV.
Bhí a lán Protastúnaigh ina gcónaí i Saumur ag an am. Nuair a chealaigh an Forógra Nantes theithigh a lán dóibh go hÉirinn mar Huguenots.




Ar aon nós, bhí an ceolchoirm go hálainn. Beirt bhan (Jeanne-Marie Gilbert agus Guillemette Hueber) ag seinm ceoil meánaoiseach ar uirlisí ón am sin agus ag canadh amhráin i Ladino ón traidisiún Seifeardach. "Ballade des dames du temps jadis" a chuirtear mar teidil ar an gceolchoirm, agus is cinnte gur bhain gach píosa le mná.

Playlist


Suzanne un jour
Vox Luminis


Imperayritz De La Ciutat Ioyosa
Musical y Escolonía de Santa Cruz del Valle de los Caídos


Ave Maris Stella
Young Women's Chorus of San Francisco


La Rose Enflorence
Trio Andaleo

No comments: