Friday, August 5, 2016

BLÁTHANNA, DATHANNA

GRIANGHRAF AN LAE

Chuaigh muid amach ar siúlóid fríd an sráidbhaile oíche Máirt.
Bhí sé go deas na bláthanna uilig a fheiceál faoi bhláth.
Nuair a d'imigh mé go hÉirinn ag deireadh mí Meitheamh ní raibh na hocais ag dathú Montsoreau fós.
Ach tá i bhfad níos mó ná hocais ann anois. Tá rosanna, hiodrainsianna, peatúiniacha agus gabhrán faoi lánbhláth. Ach cé go bhfuil cuma an tSamhraidh ar an nGleann, tá duilleoga na gcrann ag athrú datha cheana féin.



Playlist
An Draighneán Donn
Éilís Ní Chinnéide
Fear gan chéill a bhíos ag dréim leis an chraobh ró-ard,
An crann beag íseal lena thaobh sin ar a leagfadh sé a lámh,
Cé gurb ard an crann caorthainn bíonn sé searbh as a bharr,
Fásfaidh sméara 'gus bláth sú craobh ar an chrann is ísle bláth.


All original material, including text and images ©2016 Máirtín Taidhg Jack All Rights Reserved

No comments: