Wednesday, January 20, 2016

AG LÉAMH: Scéal Ghearóid Iarla, Máire Mac an tSaoi



'Ní ar a bhreáthacht atá gnó againn de', arsa bean na leapan, ag tarrac na Gaeilge chúichi ar shon Mhéarasa. 'Bhí beirt mhac ag céile mo mhic, grásta uirthi, mairid, agus isé Mac Thomáis a n-athair. Mac ganfhiosaíochta é seo, cárta cúil mar 'dúirt. Is eol do ghramaisc na sráide an tIarla abheith ar a sheachnadh ó Rí Shacsan agus luath nó mall caithfear an scéal so a réiteach. Is eol don Rí Éadbhard a mbeith ann don mbeirt shinsearach; mac anaithnid é seo agus ní fearr d'éinne agaibh fios a bheith aici cá mbeidh sé ná cá mbeidh a bhuime. As so amach ná feicfidh a bhfeicfidh sibh agus ná clois a gcloisfidh sibh. Agus a bhean mhaith,' le Méaras, 'bíse tostach agus dílis thar chách.'

Ón séiplíneach teaghlaigh a d'fhoghlaim an mac freagrairt an Aifrinn agus bunchlocha an chreidimh Chríostaí; tuigeadh Gearóid a bheith beannaithe ó phréimh, agus thosnaigh an téiric ag imeacht timpeall gur ord cléire a bhí i ndán dó. Chromthas ar Laidin a mhúineadh dhó agus musclaíodh thar n-ais a chuid Fraincise. Cuireadh é ag cleachtadh scríbhneoireachta ar chláirín, sara gcruafadh an lámh bheag ar dhornchla an claímh.

Is mó céard is measa ná tuairim is dínit na cléire, go mhórmhór agus tacaíocht na nGearaltacht leo, agus ós ag trácht duit thar chlaimhte, nach mó sagart sotalach agus bráthair borb ná scanraíonn ó fhaobhar d'iomparó bhualadh craicinn ach an oiread.' Agus chrom séa ar phortfheadaíl fén' fhiacla. 'Bod mo shagairt thuarastailgo fada seasaitheach . . . fé mar dúirt an chuntaois leis an easpag.'
Las an gharsún go bun na gcluas. 'Cuir uait, a Lúidín,' ar sé go buartha. 'Cuir uait, a gheocaigh. Fág an chaint sin.

Baineadh an chaint den ngarsún roimh dhiamair an fhocail sin ach le hiarracht tháinig sé chuige féin, agus mhaolaigh ar ghuth a labhartha de réir mar lean sé ar aghaidh. 'Idir féin anuas an pabhsae gléigeal de bhráthair sinsearach i Londain againn tá mo phortsa seinnte sara raibh caoi agam rince.' D'iompaigh sé ar fhear na gclog. 'An mbeirse mar chléireach, a Lúidín, nuair cuirfear ord beannaithe orm? Óró an ligint i bhásta! Ábhar fir chomh breá liom! Agus féach an gamal a dhéanfaidh ionad Iarla dúinn, muna mbainfidh an deartháir eile oidhre as an sonuachar mhasclach atá soláthraithe dó ag m'athair thall i Sasna, rud nach dóigh dhó ar an bhfuadar atá ón gcliabhán fé. Beirt ar fónamh iad! Cadar agus leath-dhuine, go sábhála Dia sinn! Maith an toradh ar shíol Niosta!

Le fánaidh síos uathu bhí na botháin breacaithe le garraithe agus le cróite éan agus mionstoic, coiníní agus colúir. I gcóngar láimhe dóibh siúd bhí úllord agus linn éisc. Ag déanamh a mbealach ón linn i dtreo an cháisleáin, tré shlacharáil bheatha na cosmhuintire, do nocht seanbhean mháthrúil ghlanchontanóis agus óigfhear fionn córach, eisean gléasta as bhfaisean allmhúrach ba nódh dá raibh. De réir mar thánadar i ngiorracht don mbeirt ba chlos a ghlórsan go caointeach, "'Róidí, 'Róidí."

Únfairt na náire athuair i bpotóga Ghearóid anois díreach mar ‘bhí an oíche sin ar an láthair úd. ‘De ghrá Dé, a Dhiarmaid,’ ba chuimhin leis á rá aige leis an slataire fearúil len ais, ‘na déan fonód fúm. Ní haon dalta rí-theaglaigh mise ag filleadh ó altramas ach giall síothlaithe abhfuil a chuid fiúntais ar lár. Féach an bhail atá orm. Féach mo chuid éadaigh féin ina ghiobail. Mé gan faobhar ar iompar. Nach sin breithiúnas t’athar orm? Agus an taise san do Mhac Thomáis?’
Freagra réagánta ó Dhiarmaid. ‘A rún mh’anama istigh, ort féin amháin an locht. Tá rogha mo bhardrúis fét’ réir. An faobhar is liomsa is leatsa é.’

Bastard an Iarla
‘Bastard an Iarla!’ D’éalaigh na focail uaithi de ghaiseá, thit an tuairgín, agus bhuail sí a dá láimh lena béal.
Bhí sí beag caolchnámhach agus buí ón ngréin, an léine trusálta ón uisce go dtí os cionn na nglún aici agus na muinirtlí go dtí na hascaillí. Ar í fheiscint chomh himeaglach san mhaothaigh an croí ann, ach fós mhúscail an tiarnúlacht. An dán díreach san, a bhíodh de shíor ag imeacht ina cheann, thug sé leide dhó, ‘Geanúil iad ó bheith crón,’ agus ba léir dó geallúint na háilleachta mar a bheadh ceo ina timpeall.

D'ardaíodar leo é in airde staighre chun an phárlúis agus chuir 'na sheasamh é os comhair an athar ná raibh feicithe aige ó bhí sé féin ina phatalóigín. Bhí an t-athair san aosaithe go sceoidh sochuma: coimpléas éigin curtha suas aige, b'fhéidir, ach é cruaidh folláin dea-iompair, agus chomh breá d'fhear agus a bhí riamh. Chaith sé a chotúin ar leathoscailt agus bhí an fás fionna ar a bhrollach liaite. Bhí a scíth á ligint aige i gcathaoir uilleann.

Insna laethanta sin, ródaigh ceathrar marcach Eoin Shoiscéalaí críocha Éireann: an Bás, an Cogadh, an Phláigh agus an Gorta, uile ar chos-in-airde. Bhí taithí ag an slataire ó tháinig ann dó ar ghéim a choscairt; ach an fhuil a bheith téite ionat, bhí déanta amach aige, níor thaise dhuit sléacht an duine. Bhíothas ann a bhain súchas as a leithéid; níorbh amhlaidh dó féin, ach má bhí an gnó le déanamh b'fhearr é a dhéanamh le slacht agus gan cruáil iomarcach.



ClubLeabhar.com - Máire Mhac an tSaoi ag léamh sleachta ó Scéal Ghearóid Iarla

Máire Mhac an tSaoi -- File/poet, scríobhneoir/writer, agallamh/interview - Soiscéal Pháraic

Playlist
Mná na hÉireann
Jeff Beck agus Sharon Corr


Beir Mo Dhúthracht
Séamus Ó Beaglaoich


Beannacht Ó Rí Na hAoine
Páidí Mhárthainn Mac Gearailt

No comments: