Saturday, December 5, 2015

PAROLES: Cianach corrach

East face: Daniel in the lion's den, Cain and Abel, Adam and Eve

Jimí Fheilimí Mac Grianna ('Máire') a Chum

CIANACH CORRACH
An Mhaighdean Mhaiseach

Is cianach corrach a chodail mé an oíche aréir,
Is ba bhrónach m’aigne ar maidin le spéarthaí an lae.
Bhí ualach tuirse agus tinnis i lár mo chléibh
Is, a Rí na Cruinne, nach dona mar a fágadh mé.

Thiar chois toinne is loinnir an lae ag fáil bháis
‘Sé a chasadh domh an ainnir ‘na seasamh i mbéal na trá;
A bráidh is a muineál gur ghile ná sneachta ar mhóin,
Is a caoinroisc bharrúil gur mhearaigh mo chiall go deo.

D’éirigh an ghealach agus chealg sí an saol chun suain,
Agus spréigh sí a solas mar fhallaing ar shléibhte an chuain;
Crónán an easa ba deise ná glórthaí píob,
Agus tuaim na toinne gur bhinne ná ceoltaí sí.

Is é mo ghéarghoin tinnis mar a d’imigh an aisling chaoin.
Tháinig néaltaí dorcha a dhallaigh uaim grá mo chléibh
In uaigneas an ghleanna arb ansa liom uair dem shaol,
Is is brónach a ghoilim tráth a chluinim an chuach ar chraobh.

A mhaighdean mhaiseach, tar seal a mo chóir ar chuairt,
Is cóirigh mo leaba le scratha is le fóide fuar,
Chealg mé a chodladh le glórthaí do bhéilín binn
In uaigneas an ghleanna in ar casadh le chéile sinn.

Playlist:
Cianach Corrach
Domnic Mac Giolla Bhríde le Cór Thaobh a' Leithid

No comments: