Wednesday, December 2, 2015

PAROLES: Maighre an Chúil Óir Bhuí




Doimnic Mac Giolla Bhríde, Corn Uí Riada, 2011


Maighre an Chúil Óir Bhuí

Ó chaith mé seacht seachtainí i Mainistir na Buaille
Mo shuí mo luí, ní mo chodladh ach mo mhuscladh
Nuair a shíl mé bheith teacht ‘na bhaile is an eaglais a bheith faoi rún liom
‘Sé brí mo scéil a chailín gan tusa a bheith ag dúil liom.

‘S nach maith an fear fóinte mé lá Fómhair ‘gus Earraigh
Bhainfainn fhéin an chruithneacht agus chuirfinn romham í ins na bealaigh
Tá bláth buí ar an eorna is tá’n Fómhar ag pilleadh arís léi
A croí brúite ar an óigmhnaoi, nach lág brónach a d’fhág sí mise.

‘S nuair a théimse i gcos íseal dhéanaim faoistin leis an t-sagart
Is ortsa a bhíom ag smaointeadh ó oíche go dtí’n mhaidin
‘S mura bpilleann tú a stóirín, faoi dhídean na coilleadh
‘Sí mo chonair a bhéas á cóiriú is fear mo chaointe i bhfad ó bhaile.

Ó bhí mé lá breá Samhraidh ag siúl cois na Bóinne
Tharla domhsa an spéirbhean is í a gabháil romham ina cóiriú
Fana pilín ard riabhach 'gus a diallait ghlan órbhuí
Is bhí na ceoltaí binn meidhreach le Máighre an chúil órbhuí.

Tógfaidh mé mo sheoltaí go brónach fá Shamhain
Is ní dhéanfaidh mé stad nó cónaí nó go raibh mé féin is mo ghrá i Sasainn
‘Sé an trua nach an bás a bhí i ndán domh ar mo leabaí
Sular chuir mé cúl mo dhá láimh le cúilín bán deas i bhfad ó bhaile.

Tá smúid ar na réalta ar an ghréin ‘gus ar an ghealaigh
Tá dalladh ar mo radharc is ní léar domh na bealaigh
Tá cuachín i nGleann Éiniú más féidir domh í a mhealladh
Ní scarfaidh mé go h-éag léi nó go dtéigh muid araon i dtalamh.



Playlist:

Mainistir na Buille
Padraic Ó Flatharta

No comments: