Friday, January 15, 2016

AG LÉAMH: Diabhlaíocht Dé, Micheál Ó Conghaile



Micheál Ó Conghaile

IN AINM DÉ

Seacht lá oibre ar fad a leag sé amach dó féin ó thús deireadh. D'oibrigh sé leis ar a mhíle dícheall ar feadh sé lá. Nuair a dhúisigh sé ar mhaidin an seachtú lá ní raibh mórán fonn air éirí as a leaba de bharr tuirse, drogall, pianta cnámh nó, b'fhéidir, leisce. Sin nó easpa spéise ina dhomhan féin, nó de bharr diabhlaíocht eicínt, b'fhéidir, a bheith á phriocadh. Bheartaigh sé codladh amach agus a scíth a ligean ar feadh na maidine, go gcríochnódh sé a raibh le críochnú i leath lae oibre.

DIABHLAÍOCHT DÉ

"Seo é mo shaol, do shaol! Mo ríocht, do ríocht más maith leat fios a fháil air . . . Óir ní hionann an dall agus an té a bhfuil amharc aige, an balbhán is an cainteoir, an dorchadas is an solas, an teas is an fuacht, an scáth is an scáile, an beo is an marbh. An saol seo is an saol eile. Déanfaidh tusa do ghnó anseo ar dhroim na talún feasta. Mar is féidir liomsa an intinn a theastaíonn uaim a oscailt agus an intinn a theastaíonn uaim a fhágáil dúnta a fhágáil dúnta!"

BRICFEASTA MADA

Ag tús an tsaoil bhí Dia sách santach agus choinnigh sé chuile ní dó féin agus dá mhuintir. Ó thráth go chéile bhreathnaíodh sé uaidh síos . . . ar na daoine ag guairdeall anonn is anall ar dhromchla crua míthrócaireach an domhain, iad ar a míle dícheall ag iarraidh greim a mbéil a aimsiú chun a choinneáil sa saol úd a bhrúigh sé orthu. Ní raibh tuairim dá laghad acu cén chaoi le fataí, rís, arbhar ná glasraí a chur, a fhás ná a shábháil, mar nach bhfaca siad na síolta riamh. Choinnigh Dia ar fad iad. Do fhéin, dá chlann, dá ghaolta.

MAC AN GHADHAIR

Ach maidir le d'athair d'ardaigh sé a chuid seolta lá fuar geimhridh a raibh a chuid fiacla ag gíoscán leis an bhfuacht agus ghliondáil sé leis ar thóir cumhacht nó solas eicínt. Níor fhill sé. In imeacht ama tháinig scéala a bháis ar ais chugainn le sinneán na gaoithe. Bhí sé básaithe sul má rugadh thú. Deirtear gur beannaithe é an mac nach bhfaca a athair féin riamh.

TINTE SÍORAÍ

Thiocail sé leis níos doimhne i gcliabhrach an ghadhair ansin nó gur phrioc amach an croí te as go cúramach staidéarach. Thug sé leis é go ceanúil ina bhosa agus thug sé a chéad choisméig i dtreo an bhaile, é ag smaoineamh ar chroí briste a mháthair . . . Ba léise é.

AN FEAR DARA LÁIMHE

Is ansin phléasc sí amach ag gol, na srutha deor ag sileadh uaithi go fras. A croí briste ina phíosaí. Chaith sí í féin ar a glúine láithreach agus thosaigh ag níochán is ag sciúradh a ghléis lena cuid deora móra goirte fliucha. Is á thriomú go grámhar ansin lena folt rua gruaige. Nó go tobann gur rug ar chiotóg air, í ag nochtadh is ag mothú ghléas an fhir mhairbh de gheit fhuar. Rinne sí staic. Chonaic sé cúl a cinn thíos faoi agus í ag stánadh síos air, gan a fhios beo aige an á mhóradhá dhaoradh a bhí sí.
D'ordaigh sí isteach roimpi sa teach é.

FÉILE LAZARUS

Bhí Lazarus marbh. Chomh marbh le hart le ceithre lá anois ach ní raibh a fhios aige féin sin. Mar nár mhothaigh sé tada . . . an leac crua ar a raibh sé sínte ar urlár an tuamba . . . na haiséadaí a bhí faiscithe go teann timpeall a choirp . . . an boladh ó na spíosraí a cuimlíodh go flaithiúil do gach ball dá chorp is a bhí ag iomrascáil leis an mboladh bréan a bhí ag sceitheadh uaidh . . . na frídíní is na feithidí a bhí ag tabhairt ruathar faoi agus ar tí criathar a dhéanamh dá chorp briste . . .

AN SOISCÉAL DE RÉIR NAOMH IÚDÁS

Dá mbeinnse anois ann ní bheinn an uair sin ann agus dá mbeadh féin seans go mbeadh scéal úr nó seanscéal agam nó sin ba dhóichí de go mbeinn gan aon scéal. Ná go deimhin aon soiscéal ceilte rúnda diamhrach seo nach bhfaca súil, nár chuala cluas, nár scríobh lámh is nár samhlaíodh in aon chroí . . . ach san aon tsúil amháin, san aon chkuais amháin, leis an aon láimh amháin agus san aon chroí amháin. Is an té a bhfuil súile aige feiceadh sé, an té a bhfuil cluasa aige éisteadh sé, an té abhfuil lámh aige scríobhadh sé, is an té a bhfuil croí aige osclaíodh sé . . . is pógadh.

TREAS RÚNDIAMHAIR NA bhFEAR

Bíodh an "rud" sin ar cheann acu seo feasta agus, más gá, tugadh gach éinne ar domhain a rogha ainm nó leasainm nó macainm air as seo amach ina dteanga phríobháideach phearsanta féin, a thuigfidh siad féin. Is baisteadh gach glúin feasta é go feasach ina dteanga tine is ina gcanúint féin mar a rinneadh ag Túr Báibil. Áimeán. Áiméan.

AN MAC MARA

Ba ghearr gur thosaigh sé ag cur dinglis bheag bhídeach inti agus ansin, théis tamaill, ag lúbadh a dhroma, ag tumadh a chloiginn faoi is ag bronnadh pléisiúr pléascach uirthi. Tháinig siad i dtír go mall agus luigh siar ar an trá fholamh ag déanamh bolg le gréin. Lig siad a scíth ar feadh tamall fada.

ÁR nATHAIR NIMHE

Chuir sé ina luí faoi ar an talamh í agus luigh sé os a cionn ag comhriachtan léi. Agus é ar tí a bhuaic a shroichint tharraing sé amach é féin aisti agus shlog sé a shíol féin as a lámha ag rá, "Mar a chaithfidh muid a dhéanamh le go mairfidh muid." Chuir sé ina seasamh le taobh Ádhaimh ansin í. Bhí sí chomh leathan leis, beagnach chomh hard.

UIBHEACHA UILE DÉ

"Is nach bhfuil a fhios ag madraí uile an bhaile an méid sin. Saol ar shaol, srón ar shrón," a chuala siad é a rá, "cluas ar chluais, fiacail ar fhiacail, créacht ar chréacht, drioball ar dhrioball, fear ar fhear, bean ar bhean, bean ar fhear is fear ar bhean . . . " is a ghuth ag dul i léig so gceo ceobhránach salach.
Agus d'fhág sé i dtigh diabhail i ngabhal a chéile ansin iad.



Playlist

Cóilín Phádraig Shéamais
Banna Ceoil an Údaráis

No comments: