Monday, February 15, 2016

MANIFESTO GE2016: Fine Gael


ATH-GHIOLCADH

©2016 @Tuigim

AMHARC EILE

An Ghaeilge
Tá Fine Gael go láidir ar son forbairt na Gaeilge agus na gceantracha Gaeltachta.Aithnímid luach agus
tábhacht cultúrtha ár dtraidisiúin Ghaelaigh agus ár n-oidhreachta agus táimid diongbháilte go bhfuilimid
chun a chinntiú go mairfidh agus go mbeidh borradh ar an teanga agus ar na ceantracha Gaeltachta.

Straitéis Náisiúnta: Táimid ag tacú le mórán gnéithe den straitéis fiche bliain do thodhchaí na Gaeilge
agus tabharfaimid i gcrích na spriocanna gur féidir agus na haidhmeanna atá curtha chun tosaigh.

Oideachas: Tacaíonn Fine Gael le forbairt leanúnach na nGaelscoileanna agus aithníonn sé an ról suntasach atá ag gluaiseacht na nGaelscoileanna in athbheochaint na Gaeilge taobh istigh agus taobh amuigh dena
ceantracha Gaeltachta. Chomh maith le sin, oibreoimid lena Coláistí Samhraidh chun níos mó scoláirí a
mhealladh go dtí an Ghaeltacht.
Táimid meáite ar athchóiriú a dhéanamh ar an mbealach ina múintear an Ghaeilge sa chóras bunoideachais agus sa chóras iarbhunoideachais, chun féachaint chuige go bhfuil múinteoirí in inmhe grá don teanga
a spreagadh sna scoláirí go léir agus go bhfuil an curacalam leagtha amach ar bhealach a ghríosóidh na scoláirí chun an teanga a labhairt tar éis dóibh an scoil a fhágáil.
Creidimid má dhéanaimid athchóiriú ar an mbealach ina múinimid an Ghaeilge go spreagfar níos mó
scoláirí chun staidéar a dhéanamh ar an teanga agus chun í a úsáid taobh amuigh den chóras oideachais.
Creidimid nár chothaigh an Ghaeilge éigeantach fás na teanga nó grá don teanga. Déanfaimid athchóiriú
ar an gcuracalam dara leibhéal agus scrúdóimid go criticiúil an tionchar atá ag na modhanna oiliúna do
mhúinteoirí atá i bhfeidhm i láthair na huaire. Ní bheidh an Ghaeilge mar ábhar roghnach go dtí go mbeidh
cainteanna ar an dá ábhar tugtha i gcrích.
Bronnfaimid 50% dena marcanna ar an mbéaltriail.
Déanfar iniúchadh ar churacalam dúbailte go dtí an Ardteist, ceann amháin ar an gcóras reatha agus ceann eile
ar an nGaeilge chumarsáideach. Déanfar iniúchadh ar phoinntí breise sa chóras iontrála go coláistí tríú leibhéal.
Déanfaidh Fine Gael lion na ndaltaí atá ag gabháil don chúrsa Ardteiste Ard leibhéal a mhéadú faoi dhó
faoin mbliain 2018.

Cruthú postanna sna ceantracha Gaeltachta: Cabhróidh ár bpleananna Ré Nua agus Ag obair don
todhchaí chun fostaíocht sna ceantracha Gaeltachta a chur ar fail, Déanfaimid infheistíocht i mbonneagair
fuinnimh, leathanbhannda agus uisce, chun an bonneagar atá riachtanach chun comhluchtaí agus
postanna nua a mhealladh agus a choimeád a chruthú. Tabharfaimid tacaíocht láidir do chruthú postanna
sa turasóireacht agus i ngníomhachtaí mara.

Scála Líofachta Náisiúnta: Déanfaimid iniúchadh ar fhorbairt scála líofachta náisiúnta don Ghaeilge.
Chuirfeadh an scála deich gcéim seo ar cumas gach saoránaigh measúnú d’fháil ar a chumas agus úsáid a
bhaint as modhanna nua-aimseartha múinteoireachta agus as an nua-theicneolaíocht chun feabhas de réir
a chéile a chur ar a líofacht de réir mar a oireann dó féin.

Oileáin: Creidimid go láidir go gcaithfimid pobail a chothú ar na hoileáin agus oibreoimid chun feabhas
a chur ar na seirbhísí riachtanacha dona hoileáin i dtreo is go mbeidh fail cuí ag pobail na n-oileán ar
sheirbhísí sláinte agus ar sheirbhísí sóisialta eile.

Acht um Teangacha Oifigiúla: Déanfaidh Fine Gael athbhreithniú ar na dualgaisí faoin Acht um
Teangacha Oifigiúla chun a chinntiú go bhfuil an caiteachas ar an teanga dírithe ar fhorbairt na teanga ar an mbealach ia éifeachtaí.

Playlist

Ag Smaoineamh Os Ard
Ed Sheeran

No comments: