Thursday, February 11, 2016

PAROLES: Aonach Bhearna na Gaoithe



Bhí diversion aerach ar an aonach, mórchuid aeir is aoibhnis
Ceolta néata, spórt is scléip, feoil á gléasadh chun bídh ann
Bhí whiskey is ale ann, fíon Geneva, branda craorach bríomhar
Plúr na déise, arán sinséar, is cáis ar scales á ndíol ann.

Bhí siúicre, síolta agus rísíní, mil na gcíor á taoscadh
Mórchuid fíona, feoil sicíní, is ba shóil blas-chaoin an gravy
Bhí ann feoil choiligh a bhí rómhilis, bhí ann feoil druide is naoscaigh
Bhí salann is leek ar anraith laoigh, ’s canna á dhíol ar réal ann.

An bhó inlao ná beadh ró-aosta, bhí sí daor a dóthain
Sé phunt sé, deich scilling is réal, ’s ní bhfaighfeá an lao gan choráin ann
Ar sheafaid aosta gheofá aon rud, bhí gamhna daor go leor ann
Capall graí ba dheacair a dhíol, bhí an donas ar fad ar na ponies.

Bhí seanmhná críonna laga gan bhrí ann, a dteanga líofa ag bardaíocht
Plucaireacht chainte de dheasca an aighnis, a linbh á ndeighilt óna n-ardbhruíon
Bhí bacaigh na dúiche, trick-o’-the-loop ann, dob’ aibidh do liúigh lucht cártaí
Bhí dathacha i nglúinibh sheanduine an ghúta, is é ag eascain ansúd le hardchroí.

Bhí ba, capaill, laoigh ann, gabhair, muca is caoire, ar asail do bhí ana-éileamh
Ar bhó bhainne ghroí bhí seacht ngine buí, bhí ba seasca cuibheasach daor ann
Ar chránta is slipí bhí cheithre phunt trí agus ana-chuid díobh go léir ann
Ach ar na bainbh ní raibh ach neamhní, níorbh fhiú dhuit a ndíol in aon chor.

’San rabhdalam raindí, rabhdalam raindí, rabhdalam raindí réidí
Rabhdalam raindí, rabhdalam raindí, is mallaithe an dream tincéirí


Playlist

Aonach Bhearna na Gaoithe
Cór Fear na nDéise

No comments: