Friday, February 19, 2016

OLDE CALIFORNIA: Pescadero



'SÉ MO BHARÚIL
Pescadero, baile beag iarghúlta ar chósta Tuaisceart California.
Camchuairt fríd na chúlbhóithre Contae San Matéo: Woodside, La Honda, San Gregorio.
Na crainn ábhalmhóra Sequoia ins na sléibhte ag geilleadh le na páirceanna buí-glasa mar a bheadh cúrán na mara mustaird.
An baile beag San Gregorio, an céad leid gur threigtear domhain an lae inniu, saol Silicon Valley na teicneolaíochta.
Ar aghaidh leat thar dhruim Bóthair an Cóiste Scítheanna, fríd tírdhreach réchnocach droimneach.
An céad stad ag Reilig Mount Hope, campo santo na gceannródaithe, na mbuachaillí bó, na bPortaingéalach, na hÉireannach.
Bíonn ocras orm i gcónaí thar éis cuairt a thabhairt ar Na Mairbh. Ar aghaidh linn go Duarte's, seantheach tabhairne a rugadh agus a togadh thar bairille uisce beatha i 1894. Tá an cúigear ghlúin ag stiúir an long anois, ag seasaimh an fhóid le anraith blíosán agus píog olallieberry. Sheas mé fhéin an fhóid le Bloody Mary agus Negra Modelo.
Pescadero. Buanseasmhach. Neamhathraitheach. Marthanach.







Playlist

Amhrán Pheadair Bhreathnaigh
Altan


An Spealadóir
Muireann Nic Amhlaoibh


No comments: