Monday, February 15, 2016

MANIFESTO GE2016: Labour Party


ATH-GHIOLCADH

AMHARC EILE
Ár dTeanga dúchasach
Aithníonn Páirtí an Lucht Oibre an áit lárnach a bhfuil ag teanga na
Gaeilge i gcomhthéacs oidhreacht agus stair na hÉireann agus gur áis
shaibhir bheo na linne seo í.

Fáiltímid roimh an árdú suntasach atá tagtha
ar líon na ndaoine a labhraíonn Gaeilge go laethúil agus go rialta le dhá
dhaonáireamh anuas agus geallaimid go leanfaimíd ar aghaidh le cur chun
cinn na teanga sa chéad rialtas eile.
Táimid tiomanta don Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus féadfar as seo
amach cur leis na hachmhainní a thugtar don Straitéis mar gheall ar an
bhfeabhas atá tagtha ar an ngeilleagar.
Cinnteoidh rialtas ina bhfuil Páirtí an Lucht Oibre páirteach go bhfuil
áit ollmhór ag teanga na Gaeilge san earnáil oideachais. Tugadh
isteach curaclam nua teanga comhtháite cheana do na páistí is óige i
mbunscoileanna, ionas go mbeidh said in ann an Béarla agus an Ghaeilge
a labhairt le chéile. Soláthraítear tumoideachas Gaeilge iomlán ar feadh
dhá bhliain i nGaelscoileanna leis an curaclam nua. Toradh dearfach atá
ceangailte leis na marcanna méadaithe a bhaineann le scrúdú béil na
hArdteistiméireachta ná go bhfuil méadú tagtha ar úsáid labhartha na
teanga, agus méadú 42% eile ar líon na ndaltaí a thugann faoin ábhar ag
an ardleibhéal.
Leanfar ar aghaidh le forbairt agus le cothú oideachais trí Ghaeilge ionas
go mbeidh rochtain níos fearr ag tuismitheoirí ar scoileanna ina gcuirtear
ar chumas daoine an teanga a labhairt. Smaointear le cur chun cinn
an oideachas dara-leibhéal i nGaeilge, go háirithe in áiteanna go bhfuil
éileamh cruthanta ó Ghaelscoileanna agus scoileanna Gaeltachta. Bunófar
córas cigireachta chun a chinntiú go bhfuil áiteanna réamhoideachais
d’ardchaighdeán ar fáil trí mheán na Gaeilge do thuismitheoirí sa
Ghaeltacht agus lasmuigh den Ghaeltacht. Cruthófar freisin córas
cigireachta chun monatóireacht a dhéanamh ar choláistí samhraidh trasna
na tíre.

Gaeltachtaí láidir
Seasann Páirtí an Lucht Oibre do chosaint agus d’fhorbairt na nGaeltachta.
Cinnteoimid go leanfaidh infheistiú i bhfostaíocht trí Údarás na Gaeltachta
i réimsí cosúil leis an turasóireacht, tógraí a bhaineann le bia ceardaithe
agus turasóireacht chultúrtha i gcomhthéacs fhorbairt Shlí an Atlantaigh
Fhiáin, an Bhealaigh Ghlais agus Shean-Oirthear na hÉireann.
Spreagfar iad siúd a bhfuil chónaí orthu i nGaeltachtaí agus nach bhfuil
Gaeilge acu an teanga a fhoghlaim agus a úsáid trí mhaoiniú breise a chur
ar fáil sa cheantair seo.
Maidir le seirbhísí poiblí, tuigimid go bhfuil sé rí-tábhachtach go gcuirfear
gach aon seirbhís stáit ar fáil i nGaeilge agus oibreoimid chun an aidhm
seo a thabhairt chun críche.

Playlist

Raglan Road
Billy Bragg

No comments: