Tuesday, February 16, 2016

MANIFESTO GE2016: Sinn Féin


ATH-GHIOLCADH



AMHARC EILE
An Ghaeilge
Tá dochar mór déanta ag páirtithe an rialtais don
Ghaeilge mar theanga bheo. Tá a bpolasaithe agus
a gcur chuige naimhdeach agus le linn a gcuid ama
in oifig bhí easpa maoirseachta, ceannaireachta nó
tacaíochta ann don teanga.

Mar gheall ar theip an rialtais tacaíocht a thabhairt
d’Oifig an Choimisinéara Teanga b’éigean dó
éirigh. Nuair a bhí Dearg le Fearg ann tháinig na
mílte amach ar na sráideanna ag tacú le cearta
Gaeilge. Fianaise eile ar naimhdeas pháirtithe
an rialtais i leith na teamga ba a an praiseach a
rinne siad nuair a d’úsáid siad Google Translate ar
shuíomh gréasan oifigiúil comórtha 1916 i mí na
Samhna 2014. Rinne siad ciorruithe déine chomh
maith ar bhuiséad Údarás na Gaeltachta agus ar
bhuiséad Fhoras na Gaeilge ag am géarchéime
sa Ghaeltacht maidir le líon na gcainteoirí Gaeilge
a chónaíonn ansin a bheith ag titim. Theip orthu
Straitéis 20 bliain don Ghaeilge a chur i bhfeidhm
agus choinnigh siad maolú ar stádas na Gaeilge
san AE.
Tá Sinn Féin, áfach, tiomanta don Ghaeilge a
athréimniú mar theanga labhartha i measc fhormór
na ndaoine in Éirinn agus í a bheith i lár an aonaigh
is sochaí ilteangach.
Má thoghtar chun an rialtais iad chuirfeadh
Sinn Féin an maoiniú ar fáil agus díreodh siad
ar scéimeanna a mholtar i bplean Chonradh
na Gaeilge, Infheistíocht sa Ghaeilge agus sa
Ghaeltacht ó 2016 ar aghaidh.

Gealltanais
Rialachas

■ Ceapfaimid Aire sinsearach rialtais le freagracht
as Gnóthaí Gaeltachta agus an Ghaeilge
agus Comhchoiste Oireachtais do Ghnóthaí
Gaeltachta agus don Ghaeilge lena chinntiú go
gcuirfear an toil pholaitiúil ríthábhachtach, atá
in easnamh go dtí seo, isteach i gcr chun cinn
na teanga ó thaobh an stáit de.
■ Tabharfaimid toghcháin ar ais le haghaidh
bhord Údarás na Gaeltachta.

Maoiniú
■ Méadóimid cistí caipitiúla d’Údarás na
Gaeltachta, a bheifear in ann a dhíriú ar phoist
nua a chruthú i bpobail Ghaeltachta ar fud na
tíre.
■ Cuirfimid ar bun €2 milliún de chist caipitiúil
d’ionaid Ghaeilge, cosúil le ciste atá ar siúl sna
sé hontae dar teideal An Ciste Infheistíochta
Gaeilge, a chuidigh le 20 ionad Gaeilge a chur
ar bun ar fud an tuaiscirt. Chomh maith leis
sin ligfeadh an ciste seo do phobail airgead a
rochain le hionaid Ghaeilge a chur ar bun ar fud
na 26 chontae.
■ Méadóimid maoiniú do scéimeanna pobail
Gaeilge le tacú le cur chun cinn na teanga trí
thionscadail atá bunaithe i bpobail.
■ Cuirfimid maoiniú ar fáil ionas gur féidir le gach
Údarás Áitiúil ranganna Gaeilge a thairiscint dá
bhfostaithe.

For-rochtain & imeascadh
■ Tacóimid le CLG agus é ag rolladh amach Líofa
sna 26 chontae leis an oiread daoine agus is
féidir a spreagadh leis an nGaeilge a labhairt,
san oiread áit agus is féidir ar fud na tíre. Is é is
Líofa ann clár atá ar siúl sa tuaisceart, curtha ar
bun ag an Aire Carál Ní Chuilinn, a fhéachann
le líon na bhfoghlaimeoirí atá ag obair i dreo
na líofachta a mhéadú. Mar chuid de seo tá
cúrsaí saor in aisce, nuachtlitir mhíosúil agus
deiseanna ar sparánachtaí.
■ Tacóimid le cúnamh for-rochtana do
thuismitheoirí i gceantair Ghaeltachta agus
i scoilcheantair scoileanna lán-Ghaeilge le
tuismitheoirí a spreagadh le Gaeilge a úsáid
lena leanaí.
■ Infheisteoimid i meicníochtaí tacaíochta
do stáisiúin raidió phobail lán-Ghaeilge, ag
tosú le ceardlann le comhairle a thabhairt do
shaorálaithe atá i mbun stáisiún a reáchtáil nó
atá ag smaoineamh air.
■ Leanfaimid go gníomhach do sprioc níos mó,
20%, de státseirbhísí inniúil sa Ghaeilge.
■ Tacóimid le feidhmiú an Bhill um Thrácht
Bóithre (Leasú) (Uimh.2) 2015 a dhéanann foráil
do chomhionannas i bhfeidhmiú na Gaeilge ar
chomharthaí bóithre, mar a mbeidh an cló i
nGaeilge ar chómhéid leis an gcló i mBéarla.

Oideachas
■ Tabharfaimid isteach cúntóir lán-Ghaeilge
d’iar-bhunscoileanna ar fud na tíre.
■ Cinnteoimid go bhfuil acmhainní imleora ag
an gComhairle um Oideachas Gaeltachta
agus Gaelscolaíochta lena shainchúram a
chomhlíonadh téacsleabhair agus acmhainní
bunscoile agus iar-bhunscoile a fhorbairt i
nGaeilge.
■ Cuirfimid le hinacmhainneacht do theaghlaigh
atá ag obair agus inbhuanaitheacht do
cheantair Ghaeltachta trí 20% de chreidmheasa
cánach a chur ar fáil maidir le caiteachas a
thabhaíonn tuismitheoirí do leanaí do chúrsaí
Gealtachta, socraithe ag €950 mar uasmhéid
do gach leanbh. Maidir le leanaí nach bhfuil
a dtuismitheoirí ag obair, cheadódh Sinn Féin
asbhaint ag an bhfoinse le haghaidh 20% de
tháillí, má tá cárta leighis agat.


Playlist

Casadh an tSúgáin
Iarla Ó Lionaird

No comments: