Wednesday, February 17, 2016

SIÚLÓID: Bair Island, Redwood City


Dúshlán 7 Lá: Lá #6

Protractor

A Bird Never Flew On One Wing


Athrú aimsire

Painéal Eolais

Taoide




'SÉ MO BHARÚIL
Is aoibhinn domh bheith ag siúl thart timpeall Oileán Bair i Redwood City.
Tá an áit seo in aice le m'áras gleacaíochta. Bíonn sé eascaithe domh an gluaisteán a fhagáil ann agus teacht ar ais níos déannaí fá choinne cith folctha.
Is mé ag siúl bím ag éisteacht le clár Raidio na Gaeltachta Sinéad ar Maidin.
Inniu, bhí clár iontach ann, lán le hamhráin is ansa liom.

Ba ghnáth mé ag siúl le ciumhais na habhann
Ar bháinseach úr is an drúcht go trom,
In aice na gcoillte i gcoim an tsléibhe
Gan mhairg gan mhoill ar shoilseadh an lae.
Do ghealadh mo chroí nuair chínn Loch Gréine,
An talamh, an tír, is íor na spéire
Ba thaitneamhach aoibhinn suíomh na sléibhte
Ag bagairt a gcinn thar dhroim a chéile.

Playlist

Cóilín Phádraig Shéamais
Pádraig Ó hAoláin


Tiocfaidh an Samhradh
Na Casaidigh


Buachaillín Deas Óg Mé
Macdara Ó Conaola

No comments: